Tomás O’Cléirigh

Clarke

Bhí athair Thomáis Uí Chléirigh ina bhall d’airm Shasana. Chuir an ceangal a d’fhorbair an Cléireach le Clan na nGael fad is a bhí sé ina chónaí i Meiriceá go mór leis an ról lárnach a bhí aige i ngluaiseacht réabhlóideach na hÉireann. Gearradh cúig bliana déag de dhaorphionós air de bharr an bhaint a bhí aige le feachtas buamála i Londain, 1883-1898. Bhí sé ina Chisteoir ag Bráithreachas Poblachta na hÉireann agus bhí sé ar an Ardchomhairle acu ó 1915 ar aghaidh. Bhí an Cléireach ar an mbuíon a ghabh seilbh ar Ard-Oifig an Phoist Luan Cásca agus ba eisean an chéad duine a chuir a ainm leis an bhForógra, in ómós dá stádas i measc náisiúnaithe na hÉireann.

Seosamh Pluincéad

Plunkett

Fuair Seosamh Pluincéad a chuid oideachais ar dtús i Sasana ach d’fhill sé ar Éirinn agus bhain sé céim amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, in 1909. Tar éis dó an chéim a bhaint amach chaith sé dhá bhliain ag taisteal mar gheall ar dhrochshláinte agus tháinig sé ar ais go Baile Átha Cliath in 1911. Bhí suim ag Pluincéad sa litríocht agus bhí sé ina eagarthóir ar an Irish Review. I gcomhar le Mac Donnchadha agus Edward Martyn, chuidigh sé le hamharclann náisiúnta na hÉireann a bhunú. Chuaigh sé isteach sna hÓglaigh in 1913 agus glacadh leis isteach san IRB sa bhliain 1914. Chuaigh sé go dtí an Ghearmáin le casadh le Ruairí Mac Easmainn in 1915. Le linn don Éirí Amach a bheith á phleanáil ceapadh Pluincéad ina Stiúrthóir ar Oibríochtaí Míleata agus freagracht fhoriomlán air as straitéis mhíleata. Bhí sé lonnaithe in Ard-Oifig an Phoist le linn an Éirí Amach. Phós sé Grace Gifford agus é i bPríosún Chill Mhaighneann i ndiaidh géilleadh lucht an Éirí Amach.

 

Seamus Ó Conghaile

ConnollyBa le hArm na Breataine a tháinig Ó Conghaile go hÉirinn ar dtús. Ainneoin go ndeachaigh sé ar ais go hAlbain bhí an oiread de mhuintir na hÉireann i nDún Éideann gur méadaíodh a spéis i bpolaitíocht na hÉireann i lár na 1890idí. D’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath in 1896 agus bhunaigh sé Páirtí Poblachtánach Sóisialach na hÉireann. Chaith sé blianta ina chónaí i Meiriceá ag tús an fichiú haois. Tháinig sé ar ais go hÉirinn le troid ar son cearta na n-oibrithe in éineacht le James Larkin. Chreid Ó Conghaile go láidir gur bhain contúirtí móra le seicteachas agus throid sé go dian in aghaidh bhiogóideachta reiligiúnaí. In 1913 bhí Ó Conghaile ar dhuine de lucht bunaithe An Airm Chathartha. Le linn Éirí Amach na Cásca, ceapadh mar Cheannfort Ginearálta é ar fhórsaí Bhaile Átha Cliath agus bhí sé i gceannas ar an ngrúpa a ghlac seilbh ar Ard-Oifig an Phoist. Gortaíodh é san Éirí Amach, agus mar gheall air sin b’éigean é a mharú agus é ina shuí ar chathaoir. Ba é an duine deireanach de na ceannairí a cuireadh chun báis.

 

Tomás Mac Donnchadha

Thomas McDonaghBa é Mac Donnchadha an chéad mhúinteoir ar fhoireann Scoil Éanna, an scoil a bhunaigh sé in éineacht le Pádraig Mac Piarais. Bhí sé an-eolach ar chúrsaí litríochta, agus bhain a chuid dúthrachta agus léinn áit amach dó i roinn an Bhéarla sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Léiríodh an dráma a scríobh sé, When the Dawn is Come, in Amharclann na Mainistreach. Ceapadh é ina stiúrthóir traenála ar Óglaigh na hÉireann in 1914, agus chuaigh sé isteach san IRB ina dhiaidh sin. Ceapadh Mac Donnchadha ar choiste míleata an IRB i 1916. Bhí sé ina cheannasaí ar 2a Cathlán na nÓglach, a ghlac seilbh ar Mhonarcha Brioscaí Jacob agus ar thithe sa chóngaracht le linn an Éirí Amach.

Pádraig Mac Phiarsaigh

PearseThosaigh Mac Piarais ag cur suime i gcultúr na hÉireann agus é ina dhéagóir. In 1898 rinneadh comhalta den Phiarsach ar Choiste Feidhmiúcháin Chonradh na Gaeilge. Bhain sé céim amach san Ollscoil Ríoga in 1901, céim sna Dáin agus sa Dlí. Bhíodh an Piarsach ag scríobh go seasta agus d’fhoilsigh sé cuid mhór saothar i nGaeilge agus i mBéarla. Ceapadh ina eagarthóir é ar pháipéar nuachta Chonradh na Gaeilge, An Claidheamh Soluis. Chreid sé go láidir san oideachas agus bhunaigh sé dhá scoil, Coláiste Éanna agus Coláiste Íde, a bhí dírithe ar oideachas trí Ghaeilge do pháistí na hÉireann. Bhí an Piarsach ar dhuine de bhunaitheoirí na nÓglach agus bhí sé páirteach i gcumadh Forógra na Poblachta. Bhí sé in Ard–Oifig an Phoist le linn an Éirí Amach, áit a raibh sé ina Phríomh-Cheannfort ar fhórsaí na hÉireann.

Éamonn Ceannt

CeanntRoimh an Éirí Amach, bhí Ceannt fostaithe ag Bardas Bhaile Átha Cliath. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí na nÓglach agus ar dhuine den dream a thug na gunnaí isteach go Binn Éadair in 1914. Chomh maith le bheith páirteach i ngníomhaíochtaí poblachtánacha, bhí an-spéis aige i gcultúr na hÉireann, go háirithe an Ghaeilge agus stair na hÉireann. Píobaire uilleann tréitheach ab ea é. Agus é ina cheannfort ar Cheathrú Cathlán na nÓglach le linn an Éirí Amach, ghabh sé an South Dublin Union, an áit a bhfuil Ospidéal San Séamas sa lá atá inniu ann.

 

Seán MacDiarmada

MacDiarmadaChuaigh Mac Diarmada ar imirce go Glaschú i 1900 agus uaidh sin go Béal Feirste i 1902. Agus é mar bhall de Chonradh na Gaeilge bhí aithne aige ar Bulmer Hobson, náisiúnaí agus gníomhaí ó Bhéal Feirste. Chuaigh sé isteach i mBráithreachas Phoblacht na hÉireann (IRB) i 1906 agus é ina chónaí i mBéal Feirste. Bhog sé go Baile Átha Cliath i 1908, áit ar ghlac sé freagracht bhainistíochta ar nuachtán an IRB, Saoirse na hÉireann, sa bhliain 1910. Ceapadh é mar chomhalta ar Choiste Sealadach Óglaigh na hÉireann i 1913, agus tugadh isteach é mar chomhalta de choiste míleata an IRB i 1915. Le linn an Éirí Amach bhí Mac Diarmada in Ard-Oifig an Phoist.

1916-Proclamation