Clár Comórtha Céad Bliain 2016

Ó 1915 ar aghaidh, bhí baint lárnach ag Ciarraí leis na pleananna don Éirí Amach. I bhfómhair na bliana sin, chuir Pádraig Mac Piarais na pleananna don Éirí Amach in iúl do Austin Stack, ceannasaí na nÓglach i gCiarraí, agus comhalta den IRB. Bhí socruithe á ndéanamh chun airm a sheoladh ón nGearmáin a bhainfeadh Bá Thrá Lí amach Domhnach Cásca, an 23 Aibreán 1916. Bhí ar Stack agus Óglaigh Chiarraí na hairm a fháil agus a scaipeadh i measc Óglaigh Chiarraí, an Chláir, Chorcaí, Luimnigh agus na Gaillimhe.

Tháinig an long, ar ar tugadh an Aud, ar a raibh lastas airm agus armlóin i dtír i mBá Thrá Lí ar an 20 Aibreán, Déardaoin Mandála, seachas ar Dhomhnach Cásca agus ní raibh duine ar bith ann chun casadh leis an long. D’fhan an long go dtí tráth luath maidin Aoine an Chéasta ach bhí aird an HMS Bluebell tarraingthe aici faoin tráth sin. Chuaigh an Bluebell sa tóir ar an long agus, ar deireadh, rinneadh scuitleáil ar an long i gcuan Chorcaí. Chuaigh na gunnaí agus na muinsin a bhí le tabhairt do na reibiliúnaigh go tóin poill i gcuan Chorcaí.

Bhí Ruairí Mac Easmainn sa Ghearmáin ó 1914 ar aghaidh, agus seoladh na n-arm seo agus tacaíochtaí eile á n-eagrú aige. Tháinig sé i dtír i mBá Thrá Lí ar bord U-bhád Gearmánach thart ar mheán oíche Déardaoin Mandála. Go gairid ina dhiaidh sin, ghabh Constáblacht Ríoga na hÉireann (RIC) é agus tugadh é a fhad le beairic Ard Fhearta. Níos déanaí an lá céanna, Aoine an Chéasta, tugadh é chuig beairic Thrá Lí agus maidin Shathairn Naofa, aistríodh é ó Thrá Lí, trí Bhaile Átha Cliath, go Londain. D’imir an teip ar na hairm agus gabháil Mhic Easmainn tionchar mór go náisiúnta, agus tharla gur thug Eoin Mac Néill freasordú chun an tÉirí Amach a chur ar ceal.

Faoin tráth seo, áfach, bhí na chéad daoine san Éirí Amach tar éis bás a fháil i gCiarraí cheana féin. Tráthnóna Aoine an Chéasta, bádh triúr fear ag cé Bhaile Uí Chíosáin i ngar do Chill Orglan: Conn Céitinn ón Rinn Aird, Contae Chiarraí;  Cathal Ó Muineacháin  ó Bhéal Feirste; agus Domhnall Ó Síocháin ó Luimneach. Bhí na fir ar seirbhís ghníomhach, fostaithe go díreach ón gCeanncheathrú i mBaile Átha Cliath ar mhisean speisialta chun trealamh gan sreang a fháil ó Choláiste gan Sreang an Atlantaigh i gCathair Saidhbhín.

Gabhadh Aibhistín de Staic tráthnóna Aoine an Chéasta i mBeairic RIC Thrá Lí. Iompraíodh é Satharn Naofa go Corcaigh, agus fágadh Trá Lí agus Ciarraí gan cheannasaí don éirí amach. Domhnach Cásca, in ainneoin na moille a bhí á cur le roinnt laethanta anuas, thionóil Óglaigh Chiarraí i dTrá Lí. Tháinig grúpaí ó áiteanna fud fad an chontae i gcaitheamh an lae. Tháinig go leor daoine Daingean, na Buailtíní, Cathair Saidhbhín, Baile Mhic Eileagóid agus Trá Lí agus bhí 316 fear ina measc. Sula bhféadfaí tabhairt faoi ghníomh ar bith, bhain nuacht faoin ordú a thug freasordú don éirí amach Trá Lí amach, agus scaip na fir ní ba dhéanaí an lá sin.

Ba é an tionchar a d’imir an freasordú ná go ndearna sé an tÉirí Amach a theorannú go mór chuig réigiún Bhaile Átha Cliath nuair a thit sé amach an lá dar gcionn. Ach ina ainneoin sin, bhí ról le comhlíonadh ag Ciarraí fós féin in imeachtaí náisiúnta. Bhí beirt deartháireacha, Tadhg agus Eoghan Ó Rinn ag stáisiún cábla ar Dhairbhre freagrach as an domhan mór a chur ar an eolas faoi na himeachtaí i mBaile Átha Cliath. Luan Cásca, sheol siad teachtaireacht chódaithe chuig Seán Ó Dubhuí ceannasaí Chlann na nGael i Nua-Eabhrac: B’éard a deir an teachtaireacht ná ‘Mother operated on successfully today’ sínithe ’Kathleen’. Gabhadh an bheirt fhear ina dhiaidh sin. Tháinig an teachtaireacht chábla trí Rosalie Rice i Neidín, agus cuireadh ise chun príosúin chomh maith.

Bhí ról ag muintir Chiarraí san Éirí Amach lasmuigh den chontae chomh maith. D’fhéadfaí a rá go raibh Thomas Ághas dúchasach de chuid Chinn Aird, ar an gceannfort ba rathúla san éirí amach. Bhain sé a chuspóir amach agus bhí sé ar an duine deireanach a ghéill. Ba é ról an Ághasaigh agus a bhfear ná chun ‘cur isteach ar chumarsáid an namhad i dtuaisceart Chontae Átha Cliath agus an chumarsáid sin a mhilleadh’. Ghlac sé le teaicticí treallchogaíocha agus bhain a fhir bua mór amach i gCill Dhéagláin i gContae na Mí. Bhí an tÁghasach faoi phianbhreith an bháis, ach athraíodh seo ní ba dhéanaí go pianseirbhís.

Fuair ceathrar Ciarraíoch bás i gcaitheamh an Éirí Amach i mBaile Átha Cliath. Ba iad siúd Pádraig Ó Conchúir ón Ráth Mór Pádraig Seortús ó Bhaile an Bhuinneánaigh, Mícheál Ó Maoilmhichíl ón mBaile Dubh agus Laoch Uí Rathaille nó ‘The O’Rahilly’.

Ba chomhalta bunaidh Óglaigh na hÉireann an duine ba cháiliúla de na daoine seo, Mícheál Seosamh Ó Rathaille ó Bhéal Átha Longfoirt. Ba eisean, agus é ina Stiúrthóir Arm, a d’eagraigh teacht i dtír arm ag Binn Éadair in 1914. Níor chomhalta den IRB é, áfach, agus fearacht Mac Easmainn agus Mac Néill, bhí amhras mór air faoi thráthúlacht Éirí Amach na Cásca. Go deimhin, chaith sé go leor de dheireadh seachtaine na Cásca ag tiomáint ar fud Chúige Mumhan agus iarrachtaí á ndéanamh aige, ar éirigh leo go pointe áirithe, chun cosc a chur ar fhir a earcú. Dá ainneoin, ghlac sé páirt ghníomhach san Éirí Amach i mBaile Átha Cliath. Throid sé i gceanncheathrú na reibiliúnach in Ard-Oifig an Phoist agus maraíodh é tar éis gur lámhachadh é i gceantar Shráid an Mhúraigh go gairid i ndiaidh dó aistriú amach ón Ard-Oifig. Sanntar na focail a leanas go clúiteach dó i ndán de chuid W.B. Yeats i gcuimhne Laoch Uí Rathaille, ‘Because I helped to wind the clock / I come to hear it strike’.

Déanfar sárthaispeántas i gclár cuimhneacháin Chiarraí 2016 ar an méid thuasluaite. Tugann an clár cuimhneacháin an deis do dhaoine níos mó a fhoghlaim faoin Éirí Amach i gCiarraí agus fúthu siúd a ghlac páirt i gcomhrac na hÉireann chun an tsaoirse a bhaint amach.

Thaispeáin comhairliúchán pobail i gCiarraí gur rí-mhian le daoine go ndéanfaidh na cuimhneacháin léiriú ionraic ar an saol i gCiarraí ag an tráth sin. Teastaíonn ó dhaoine a d’fhreastail ar na cruinnithe go dtuigfidh an ghlúin amach anseo an comhthéacs as ar eascair an tÉirí Amach, go mbeidh luach acu ar Bhratach na hÉireann agus ar an tsíocháin a chuireann sí in iúl, go gcaithfidh siad súil ar na luachanna a bhronntar ar gach saoránach Éireannach san Fhorógra agus go mbeidh baint lárnach ag na healaíona agus an chruthaitheacht sa chlár.

Díríonn príomhchlár Chomhairle Contae Chiarraí ar na himeachtaí stairiúla agus na daoine a ghlac príomhpháirt san Éirí Amach. Beidh imeacht searmanais ar siúl ag Trá na Beannaí ag 11 a.m. an 21 Aibreán chun comóradh a dhéanamh ar Ruairí Mac Easmainn. Anuas air sin, beidh imeacht searmanais níos lú ar bun ag cé Bhaile Uí Chíosáin ag 7 a.m. chun comóradh a dhéanamh ar na chéad daoine a fuair bás san Éirí Amach.

Osclófar taispeántas ar shaol Ruairí Mhic Easmainn go hoifigiúil an 21 Aibreán ag Músaem Contae Chiarraí, Ruairí Mhic Easmainn, Aistear Réabhlóideach. Is beag cur amach go fóill atá ag daoine lasmuigh den saol acadúil ar rannchuidiú idirnáisiúnta Mhic Easmainn mar dhaonnúlach. Tugtar cuntas ar a eispéiris sa Chongó agus san Amasóin sa taispeántas, a bhainfidh le téamaí móra na tréimhse – an t-impiriúlachas, an streachailt don Afraic, caipitleachas domhanda agus an tionchar a imríonn sé ar dhaoine dúchasacha, geopholaitíocht agus an tréimhse a fhad le tús an chogaidh i 1914. Scéal domhanda é seo a mbeidh ní hamháin Éireannaigh in ann dáimh a bheith acu leis, ach gach duine dár gcuairteoirí idirnáisiúnta.

Tá plaic chomórtha á heagrú ag Comhairle Contae Chiarraí agus muintir Uí Rinn in ómós Dheartháireacha Uí Rinn ar Dhairbhre. Tá sé ar intinn ag Leabharlann an Daingin bailiúchán d’earraí cuimhneacháin ar Thomas Ághas a thug a mhuintir don leabharlann, a chur ar buantaispeáint.

Anuas air sin, beidh sraith léachtaí ar siúl i leabharlanna ar fud Chiarraí ar mhuintir Chiarraí a ghlac páirt san Éirí Amach, agus an ról a bhí ag mná san Éirí Amach.

Tá léachtaí, ceadail, léamha, léiriú, taispeántais agus siúlóidí á n-eagrú ag bailte agus sráidbhailte chun machnamh a dhéanamh ar an Éirí Amach, na céad bliain atá imithe thart agus chun súil a chaitheamh ar luachanna an Fhorógra agus ar an todhchaí don chéad ghlúin eile i gCiarraí. Beidh an clár oscailte do gach aon duine; agus léireoidh sé fíor-chiall an Phoblachtachais: de réir na ndaoine, ag na daoine agus ar son na ndaoine